BRIAN Ó MAOILEOIN
-
Rugadh Brian Ó Maoileoin i 1936. Gearrscéalaí, úrscéalaí, file, scríbhneoir do pháistí, drámadóir agus scriptscríbhneoir is ea é.
Léiríodh a chuid drámaí sa Damer, i mBéal Feirste agus ar Oileán Thoraí. Craoladh drámaí raidió leis ar RTÉ agus BBC. Tá duaiseanna bainte amach aige dá chuid filíochta, scriptscríbhneoireachta, drámaíochta, amhráin, gearrscéalta agus saothair phróis.