DAOINE

GEARÓID MAC UNFRAIDH (HUMPHREYS)

c.1950 -

Rugadh é i mBaile Átha Cliath. D'eascair a chuid spéise sa drámaíocht ón scoil i gColáiste Mhuire faoi Thomás Mac Anna. Lean sé an dúil sa drámaíocht sa Taibhdhearc lena chéad dráma 'Éiric' agus ina dhiaidh sin sa Little Theatre i mBaile Átha Luain. D'fhoilsigh An Clóchomhar an chéad leabhar leis, 'Clocha Ceangailte' i 1994 faoin tréimhse a chaith sé leis na Náisiúin Aontaithe sa Liobáin. Bhain sé amach duaiseanna dá chuid drámaí Gaeilge. Scríobhann sé i mBéarla freisin faoin ainm Gerard Humphreys.