DAOINE

ÉILÍS NÍ DHUIBHNE

1954

Úrscéalaí, gearrscéalaí agus drámadóir aitheanta í Éilís Ní Dhuibhne a bhíonn ag scríobh i mBéarla agus i nGaeilge. Bronnadh sparánachtaí ón gComhairle Ealaíon uirthi agus toghadh ina ball d'Aosdána í. Tá iliomad gradam bainte amach aici agus ainmníodh a saothar 'The Dancers Dancing' ar ghearrliosta The Orange Prize for Fiction 2000. Anuas air sin bhuaigh sí Duais Stewart Parker, Duais an Bisto Book of the Year, agus dhá dhuais Oireachtais. D'fhoilsigh Cois Life dhá dráma léi, 'Milseog an tSamhraidh' & 'Dún na mBan Trí Thine' a léirigh Amharclann de hÍde.

CREIDIÚINTÍ: DRÁMADÓIR

Teideal an Dráma Drámadóir
Dún na mBan Trí Thine Éilís Ní Dhuibhne
Milseog an tSamhraidh Éilís Ní Dhuibhne