DAOINE

MÍCHEÁL MAC CÁRTHAIGH

Rugadh in Inis Díomáin, Co. an Chláir, é agus chaith sé tréimhsí san Eoraip, san Afraic agus san Araib Shádach. Ba i Ryjadh a scríobhadh Saol i mBás Pháidí Joe, dráma a bhuaigh duais an Oireachtais sa bhliain 1984 agus a léiríodh in Amharclann na Péacóige. Tá drámaí eile scríofa aige freisin, go háirithe drámaí do pháistí. Is múinteoir i dTír Chonaill é.