DAOINE

MÍCHEÁL BREATHNACH

1881 1908

Rugadh é in Indreabhán, i gCo. na Gaillimhe. Scríobh sé aistí d’irisí agus do nuachtáin ar nós 'An Claidheamh Soluis' agus 'Irisleabhar na Gaeilge'. Rinne sé roinnt aistriúchán agus bhí 'Cnoc na Gabha', ó shaothar Charles Kickham 'Knocknagow', ar an gceann ba thábhachtaí. Bhí sé ina Ard-Ollamh i gColáiste Chonnacht i dTuar Mhic Éadaigh ar feadh tamaill agus i gColáiste Iarlatha i dTuaim.