DAOINE

EOGHAN Ó TUAIRISC

1919 1982

Rugadh é i mBéal Átha na Slua in 1919. Bhí sé ina mhúinteoir bunscoile go dtí 1961 tráth a ndeachaigh sé leis an scríbhneoireacht go lánaimseartha. Scríobh Ó Tuairisc úrscéalta, filíocht, drámaíocht agus critic liteartha, idir Ghaeilge agus Bhéarla. D'fhoghlaim sé ceird na drámaíochta in Amharclann na Mainistreach, áit ar scríobh sé cuid mhaith geamaireachtaí agus reviúnna Nollag. Chuir sé ábhar i gcló faoin leagan Béarla dá ainm .i. Eugene Rutherford Watters, chomh maith.