DAOINE

SEÁN Ó CARRA

1910 1993

Aistritheoir de chuid na Taibhdheirce a bhí ann, go háirithe sna blianta 1962 go 1974. Rinne sé leagan éagsúil de 'An Giall' aistrithe ó 'The Hostage' le Breandán Ó Beacháin. Ar na drámaí eile a d'aistrigh sé tá 'Árus Mhungó', bundráma le Walter Macken agus drámaí le Beckett, Synge, O'Casey, Brecht, Bryan Mac Mahon, Lorca, Reid, Desmond Forrestal, Wolf Mankowitz, Bolt, John Arden, Friel, J Anouilh agus Pinter.