DAOINE

LIAM Ó BRIAIN

1888 1974

Rugadh i mBaile Átha Cliath é ach rinne sé staidéar sa Ghearmáin agus i bPáras. Throid sé san Éirí Amach i 1916 agus chaith seal i Frongoch. Bhí sé ina Ollamh le Teangacha Rómánsacha i UCG, 1917-1956. Tá a rian sin le feiceáil ar na haistriúcháin a rinne sé mar atá, drámaí le Jalabert, La Bruyère, Henri Ghéon, Molière, Fabbri, Shakespeare, et al. Bhí sé mar dhuine de bhunaitheoirí na Taibhdhearca le Mac Liammóir i 1928.