DAOINE

DANIEL CORKERY

1878 1964

Ba ghearrscéalaí, múinteoir, fear léinn agus seanadóir é Dónal Ó Corcora, nó Daniel Corkery. Bhunaigh sé an Cork Dramatic Society fhaid is a bhí sé ina mhúinteoir i scoil na mbráthar i gCorcaigh agus is iomaí dráma a scríobh sé dóibh idir 1909 agus 1920 – drámaí a bhí bunaithe ar mhiotaseolaíocht agus ar stair na hÉireann. Tá cáil ach go háirithe ar a leabhar ‘The Hidden Ireland (1927)’ mar a chuir sé saibhreas agus doimhneacht litríocht na Gaeilge os comhair an phobail. Ceapadh ina ollamh le Béarla é i gColáiste na hOllscoile Corcaigh i 1931, post a bhí aige go dtí 1947. I 1938 toghadh mar sheanadóir de chuid Fianna Fáil é.

POIST SA CHOMPÁNTAS

Teideal Poist Compántas
Cork Dramatic Company (1909 - 1913)

CREIDIÚINTÍ: DRÁMADÓIR

Teideal an Dráma Drámadóir
An Doras Dúnta Daniel Corkery