DAOINE

MÁIRÉAD NÍ GHRÁDA

1896 - 1971

Drámadóir, scríbhneoir agus craoltóir ab ea Ní Ghráda, a rugadh i gCo. an Chláir i 1896. D'oibrigh sí gan staonadh ar son na Gaeilge agus scríobh sí mórán téacsanna foghlamtha. Orthu sin, bhí 'Progress in Irish' atá fós in úsáid. Bhí sí an-ghníomhach i gConradh na Gaeilge agus i gCumann na mBan. Ba í an chéad chraoltóir baineann ar 2RN (Raidió Éireann anois) í agus bhí sí ina 'heagraí mná' leis an stáisiún ar feadh na mblianta, mar a raibh sí i mbun clár do mhná agus do pháistí.

ATHCHÓIRITHE

Teideal an Dráma Drámadóir
Mícheál Máiréad Ní Ghráda Leo Tolstoy