DAOINE

FLANN O'BRIEN

1911 1966

Flann O'Brien agus Myles na gCopaleen a bhí mar ainmneacha cleite ag Brian Ó Nualláin/Brian O'Nolan. Don alt, 'Cruiskeen Lawn', a bhí i gcló san Irish Times agus dá úrscéal Gaeilge 'An Béal Bocht' a d'úsáid sé an t-ainm Myles na gCopaleen. I measc na n-úrscéal eile a d'fhoilsigh sé tá At Swim-Two-Birds, The Third Policeman agus The Dalkey Archive.