MICHAEL JUDGE
1921
- 2015
Cé go raibh sé ina mhúinteoir agus ina leas-Phríomh Oide ar Choláiste Mhuire, Cearnóg Pharnell, BÁC ó na caogaidí ar aghaidh bhí sé an-ghníomhach ag scríobh do RTÉ, idir dhrámaí agus scripteanna don raidió agus don teilifís le haghaidh cláracha mar Tolka Row, Harbour Hotel, Wanderly Wagon, The Riordans agus Glenroe. D'fhoilsigh sé a chéad úrscéal, Vintage Red, sa mbliain 2004 agus é in aois a 83. Foilsíodh úrscéal eile, 'From The Left Hand', an bhliain dar gcionn.