MICHEÁL MAC LIAMMÓIR
1899
- 1978
Rugadh Alfred Willmore, nó Mícheál Mac Liammóir mar ab fhearr aithne air, i Londain. Bhí sé ina aisteoir, ina dhearthóir, ina scríbhneoir agus ina bhunaitheoir ar Amharclann an Gheata. Thosaigh sé ag aisteoireacht i Londain agus é fós ina pháiste. Chuaigh an Ghaeilge go mór i gcionn air agus é ina fhear óg agus mhúin sé Gaeilge dó féin le tacaíocht Chonradh na Gaeilge i bhFinchley. Bhí Mac Liammóir ar an gcéad stiúrthóir ar an Taibhdhearc nuair a bunaíodh é i 1928, agus d'oscail an amharclann nua leis an dráma 'Diarmuid agus Gráinne', leagan drámata den scéal Fiannaíochta a scríobh Mac Liammóir féin. Thaistil sé an tír mar aisteoir le compántas Anew McMaster. I 1928 bhunaigh sé féin agus Hilton Edwards Amharclann an Gheata.