ANTOINE Ó FLATHARTA
-
Léiríodh a chuid drámaí sa Phéacóg, sa Project Arts Centre, sa Taibhdhearc agus ag Féile Amharclainne Bhaile Átha Cliath. Bhí sé ina scríbhneoir cónaitheach ag Team Theatre Company don tréimhse 1989-1990. Tá drámaí teilifíse agus raidió scríofa aige do RTÉ agus don BBC.