DAOINE

TOM MACINTYRE

1931

Is drámadóir, file agus gearrscéalaí é Tom MacIntyre a scríobhann i mBéarla agus i nGaeilge. Rinne Amharclann na Mainistreach céadléiriú ar an-chuid dá dhrámaí agus léirigh an Taibhdhearc a dhráma Cúirt an Mheánoíche i 1999. Tá sé ina bhall d'Aosdána le tamall de bhlianta.