DAOINE

DAVE DUGGAN

-

Is drámadóir, léiritheoir agus úrscéalaí é Dave Duggan. Tá a lán drámaí raidió scríofa aige do RTÉ agus BBC Radio 4. Tá sé dhráma stáitse scríofa aige do Sole Purpose Productions, drámaí a tugadh ar fud na tíre seo agus go Nua-Eabhrac, Learpholl agus Dún Éideann. Scríobh sé 'Spike Dreams' don Playhouse i nDoire agus do chamchuairt náisiúnta. Foilsíodh a chéad úrscéal, The Greening of Larry Mahon, i 2004. Léirigh Blue Eagle Productions a dhráma, 'Bubbles in the Hot-Tub', do chamchuairt réigiúnach agus léirigh Aisling Ghéar a dhráma 'Gruagairí' do chamchuairt náisiúnta sa bhliain 2007.

CREIDIÚINTÍ: DRÁMADÓIR

Teideal an Dráma Drámadóir
Gruagairí Dave Duggan
Makaronik Dave Duggan