Baile | Eolas | Déan Teagmháil Linn

An Chomhairle Ealaíon Playography In English

Compántais

Aisteoirí Chéitinn

Forbhreathnú

  • Cur Síos

    B’fhada baint a bheith ag Craobh an Chéitinnigh de Chonradh na Gaeilge le drámaíocht na Gaeilge ó thús na fichiú haoise i leith. Ach ag tús na bliana 1934, bhunaigh an Chraobh Aisteoirí Chéitinn. Ba é Diarmuid Ó hAlmhain léiritheoir an ghasra nua. Faoi chóras nua an Chomhair sa bhliain 1936, tháinig Aisteoirí Chéitinn isteach faoina choimirce mar cheann dá chuid comhlachtaí comhcheangailte. Tar éis don Chomhar féin dul faoi scáth Amharclann na Mainistreach sa bhliain 1942, lean Aisteoirí Chéitinn de bheith ag gabháil do léirithe neamhspleácha. Sna 1950í, chuireadh Aisteoirí Chéitinn drámaí ar siúl sa Damer. Faoin am seo, ba é Máirtín Ó Díomsaigh léiritheoir an ghasra.