Baile | Eolas | Déan Teagmháil Linn

An Chomhairle Ealaíon Playography In English

Compántais

Aisteoirí Bulfin

Forbhreathnú

  • Cur Síos

    Bunaíodh Aisteoirí Bulfin i 1967 nuair a tháinig Seán Ó Briain amach go Craobh Liam Bulfin de Chonradh na Gaeilge i Rath Maoinis i mBaile Átha Cliath ag timireacht do Chomhairle Náisiúnta Drámaíochta na Gaeilge. Compántas amaitéarach atá ann go bunúsach ach tá léirithe leathghairimiúla déanta acu ar stáitsí Bhaile Átha Cliath agus ar fud na tíre. Tá nua-dhrámaí á scríobh acu le fada an lá, agus tá Pádhraig Ó Giollagáin agus Aodh Ó Domhnaill ina bpríomhscríbhneoirí acu.

  • Suíomh Idirlín

    www.facebook.com/people/Aisteoiri-Bulfin/16

    Léiritheoir

    Gearóid Ó Mordha

New Irish Plays Produced By

Teideal an Dráma Drámadóir
1915 Aodh Ó Domhnaill
An Campa Aodh Ó Domhnaill
An Ceacht Eugene Ionesco
Aistriúchán ar 'La Lecon'. Ní luaitear an bunúdar.
An Chora Úna Ní Chonchúir Conor McPherson
Aistriúchán ar 'The Weir'
An Eochair Fidelma Ní Ghallchobhair Máirtín Ó Cadhain
Athchóirithe ó ghearrscéal.
Ar dTús...? Pádhraig Ó Giollagáin
Bertie Bush agus Mamó an Diabhail Aodh Ó Domhnaill
Biffo Béar Aodh Ó Domhnaill
Café ar Ais Aodh Ó Domhnaill
Cúirt an Mheán Oíche Celia de Fréine Brian Merriman (1)

Cóirithe don stáitse ag Celia de Fréine in eagar le gluais shubstaintiúil mar áis do chumainm drámaí­ochta agus léitheoirí eile ag Fidelma Ní­ Ghallchobhair.

Gadaí de Nollaig Brídín Nic Dhonncha Tom Murphy (1)
Aistriúchán ar 'The Thief of a Christmas'.
Garmhac m'Athar Tony de Barra Anton Chekhov
Aistrithe ó ghearrdhráma Béarla le Wolf Mankowitz; bunaithe ar scéal Rúiseach le Chekhov.
Geasa Gearóid Mac Unfraidh (Humphreys)
Gur Eile Aodh Ó Domhnaill
Lá Breá Aodh Ó Domhnaill
LaraeDó Aodh Ó Domhnaill
Mac a' Stanley Aodh Ó Domhnaill
Aistrithe ó Die Dreigroschenoper [The Threepenny Opera] le Brecht agus Weill.
Na Leabhra Aodh Ó Domhnaill
Óinseacha Pádhraig Ó Giollagáin
Salem 1692 Neasa Ní Thuama
Aistrithe ó 'The Crucible' le Arthur Miller.
Siceagó Pádhraig Ó Giollagáin