Baile | Eolas | Déan Teagmháil Linn
Ba iad Eoghan Mac Giolla Bhríde agus deirfiúr leis, Áine Nic Giolla Bhríde, a bhunaigh Aisteoirí Ghaoth Dobhair ag deireadh 1931 chun drámaí a chur chun cinn sna Rosann. An chéad léiriú a bhí ag an gcompántas ná 'I nAimsir an Mháirtínigh' bundráma nua le hEoghan Mac Giolla Bhríde, a cuireadh ar siúl sa Halla Paróiste sna Doirí Beaga, 10 Eanáir 1932. Chuireadh an gasra cúpla dráma - aistriúcháin den chuid is mó - ar siúl in aghaidh na bliana. Tar éis fheachtas mór poiblíochta, osclaíodh Amharclann Ghaoth Dobhair ar an 3 Meán Fómhair 1961 tráth ar stáitsigh Aisteoirí Ghaoth Dobhair 'Cor na Cinniúna' ann, dráma le hÁine Nic Giolla Bhríde. Is ins an earnáil amaitéarach atá an compántas ag feidhmiú sa lá atá inniu ann.
Premiered 16 May 1976
Irish Playography, Irish Theatre Institute, 17 Eustace Street, Temple Bar, Dublin 2 T +353 (0)1 670 4906 | E info@irishtheatreinstitute.ie W www.irishtheatreinstitute.ie (c) Irish Theatre Institute 2026