Compántais

Na Fánaithe

FORBHREATHNÚ

  • Cur Síos

    I gcathair na Gaillimhe a bunaíodh an compántas Na Fánaithe i 1987. Mar chuid den obair a rinne siad dhírigh siad ar dhaltaí sna coláistí samhraidh agus d’fhreastail suas le 3,000 dalta ar an gcéad dráma a léirigh siad 'Clog' agus ar na ceardlanna a d’eagraigh siad. Thaistil siad ar fud na hÉireann lena gcuid drámaí agus d’eagraigh siad cúrsa drámaíochta leanúnach i gConamara a raibh an-tóir air. Ba iad Diarmuid de Faoite, Marina Ní Dhubháin agus Trevor Ó Clochartaigh is mó a bhí taobh thiar de Na Fánaithe. Níl an compántas ag feidhmiú a thuilleadh.

DRÁMAÍ NUA GAEILGE LÉIRITHE AG NA FÁNAITHE

Teideal an Dráma Drámadóir
Aingeal an Chladaigh Conor Maguire Charlie McBride Gabriel Garcia Marquez
Athchóiriú ar an ngearrscéal 'Un señor muy viejo con unas alas enormes'(1968)
Bar agus Ger Bríd Ní Chatháin Trevor Ó Clochartaigh Geraldine Aron
Aistriúchán ar an dráma 'Bar and Ger'.
Bullaí Mhártain Seán McCarthy Síle Ní Chéileachair Donncha Ó Céilleachar
Athchóiriú ar an gcnuasach scéalta Bullaí Mhártain le Síle & Donncha Ó Céilleachar.
Clog Trevor Ó Clochartaigh
Misiún ar Muir Trevor Ó Clochartaigh Dara Ó Conaola
Bunaithe ar an nóibhille le Dara Ó Conaola den ainm céanna. Cóirithe don stáitse ag Na Fánaithe i gceardlanna faoi stiúradh Trevor Uí Chlochartaigh.
My Girl Barrie Keeffe
Rinne an compántas, Na Fánaithe, an t-aistriúchán.
Oiliúint Skinny Spew Bríd Ní Chatháin Trevor Ó Clochartaigh Howard Brenton
Aistriúchán ar 'The Education of Skinny Spew'
Páidín Mháire, Páidín Mire Conor Maguire Charlie McBride Pádraic Ó Conaire
Athchóiriú ar an ngearrscéal 'Páidín Mháire'. Bhí na haisteoirí páirteach sa script freisin.
Seó Puipéid Don Criostabal Bríd Ní Chatháin Trevor Ó Clochartaigh Federico García Lorca
Yerma Trevor Ó Clochartaigh Federico García Lorca
Aistriúchán ar dhráma Spáinneach.