Cur Síos
Compántas gairmiúil lonnaithe i gCorcaigh is ea Graffiti, a bhunaigh Emelie FitzGibbon sa bhliain 1984. Cuireann sé drámaíocht agus amharclannaíocht oideachasúil ar fáil don aos óg. I rith an ama sin, tá léirithe an chompántais feicthe ag breis agus milliún duine óg in Éirinn agus thar lear. Sa bhliain 1999 leathnaigh Graffiti a chlár chun amharclannaíocht na Gaeilge a chuimsiú agus tá sé tar éis roinnt drámaí nua, a choimisiniú, a léiriú agus a thógáil ar thuras le deich mbliana anuas. Tugann sé cuairt ar scoileanna ar fud na Mumhan agus deisceart Laighean.
Assumption Road, Blackpool, Co. Cork