Baile | Eolas | Déan Teagmháil Linn

An Chomhairle Ealaíon Playography In English

Compántais

Aisling Ghéar

Forbhreathnú

  • Cur Síos

    Is í Aisling Ghéar an t-aon chompántas proifisiúnta amharclainne in Éirinn a shaothraíonn go lánaimseartha chun léirithe a chur ar fáil i nGaeilge. Tá sé lonnaithe i mBéal Feirste, i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich – ionad ealaíon agus cultúir ina bhfuil Amharclann Siobhán Nic Cionnaith. Bunaíodh an compántas in 1997 le comhlánú agus le forbairt a dhéanamh ar na healaíona agus ar thaithí chultúrtha lucht na Gaeilge. Ó shin i leith, léirigh sé agus thug ar chamchuairt saothair d’ardchaighdeán le húdair chomh héagsúil le Machiavelli, WB Yeats, Tom Murphy, Rosemary Jenkinson, Eugene Ionesco, Samuel Beckett, Eoghan Ó Tuairisc, Brian Friel, Dario Fo, Willy Russell agus Marie Jones. Cuid bhuan den fhéilire scoile anois é a léiriú ardmholta de ‘An Triail’ le Máiréad Ní Ghráda, léiriú ar taca é ag múinteoirí chomh maith le bheith ina eispéireas amharclainne ardchaighdeáin do scoláirí A-leibhéil. Tá an compántas tiomanta don scríbhneoireacht nua Ghaeilge agus go dtí seo tá ocht ndráma úr forbartha agus léirithe acu. Cuirtear aistriúchan comhuaineach ar fáil ag na léirithe ar fad ar ghléas cinn pearsanta nó is féidir an dráma a leanúint leis na 'Nótaí Radhairc'-gearrchuntas scríofa Béarla ar gach radharc - a sholáthraítear freisin.

  • Seoladh

    Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, 216 Falls Road,Belfast BT12 6AH,Co. Antrim

    Ríomhphost

    carrie.anne@aislingghear.com

    Suíomh Idirlín

    www.aislingghear.com

    Guthán

    + 44 (0)28 9020 8040

    Stiúrthóir Ealaíne

    Bríd Ó Gallchóir

    Bainisteoir Ginerálta

    Carrie-Anne McAlonan-McCrudden

New Irish Plays Produced By

Teideal an Dráma Drámadóir
Alladín Foireann Aisling Ghéar a chum an script.
Amédée Gearóid Ó Cairealláin Eugene Ionesco
Aistrithe ón bhFraincis.
An Béal Bocht Bríd Ó Gallchóir Flann O'Brien
Athchóiriú stáitse ar úrscéal.
Anraith Neantóige Celia de Fréine
Bailegangháire Gearóid Ó Cairealláin Tom Murphy (1)
Aistriúchán ar an dráma i mBéarla leis an teideal céanna.
Bás Taismeach Ainrialaí Gearóid Ó Cairealláin Dario Fo
Aistrithe ón Iodáilis.
Bun Go Barr Órna Ní Choileáin Aodán Ó Coileáin
Cathal Buí Mary Ryan Lisa McGee Gearóid Ó Cairealláin
Críoch-Chluiche Gearóid Ó Cairealláin Brigid Mhic Sheáin Samuel Beckett
Aistriúchán ar 'Fin de partie'
Cruachás Celia de Fréine
Damhsa ag Lughnasa Gearóid Ó Cairealláin Dónal Mac Giolla Chóill Brian Friel
Aistrithe ó 'Dancing at Lughnasa'.
Gealchathair Gearóid Ó Cairealláin Clare Dowling
Aistrithe ó 'Small City'.
Gruagairí Dave Duggan
In Ainm an Rí Gearóid Ó Cairealláin
Jack agus an Gas Pónaire Máire Andrews
Athchóiriú ar shíscéal clasaiceach.
Leaba Dhiarmada Pádraig Ó Snodaigh
Lia Creidimh Gearóid Ó Cairealláin Brian Friel
Aistrithe ó 'Faith Healer'.
Love Matters Gary Mitchell Andrea Higgins Niamh Ní Dhomhnaill Gary Mitchell
Makaronik Dave Duggan
Mandragola Dónal Mac Giolla Chóill
Aistrithe ón dráma Iodálach le Niccoló Machiavelli.
Mise, Subhó agus Maccó Biddy Jenkinson
Nara Turas é in Aistear Celia de Fréine
Ó Rajerum Biddy Jenkinson
Pádraig i dTír na nIontas Deirdre Nic Con Uisce
Republica Aodh Ó Domhnaill
Scáil an Ghunnadóra Gearóid Ó Cairealláin Sean O'Casey
Aistrithe ó 'Shadow of a Gunman'.
Seo Robert Nollaig Mac Aoidh
Shirley Valentine Gearóid Ó Cairealláin Willy Russell
Aistrithe ón mBéarla.
Stones in his pockets Gearóid Ó Cairealláin Séamas Mac Annaidh Marie Jones (1)
Aistriúchán ar dhráma Béarla den ainm céanna.
The Wheelchair Monologues Gearóid Ó Cairealláin
Tráth dár Saol Gearóid Ó Cairealláin Samuel Beckett
Aistrithe ó 'Happy Days'.
Úr Te Bruite Gearóid Ó Cairealláin Eoghan Ó Néill (2)