Cur Síos
Bunaíodh Amharclann de hÍde i 1992 chun traidisiún drámaíochta i nGaeilge den chaighdeán is airde a bhuanú ina mbeadh aisteoirí proifisiúnta, scríbhneoirí, léiritheoirí agus teicneoirí páirteach ann. Ní raibh aon ionad seasta acu ach léirigh siad drámaí in amharclanna éagsúla ar fud Bhaile Átha Cliath don chuid is mó. Ba í Clíodhna Ní Anluain an chéad stiúrthóir ealaíne a bhí acu. Tháinig deireadh leis in 2001.