Baile | Eolas | Déan Teagmháil Linn

An Chomhairle Ealaíon Playography In English

Eolas faoi Playography

Cuimsíonn PLAYOGRAPHYIreland dhá cheann de bhunachair shonraí chuimsitheacha inchuardaithe ar líne ina bhfuil dhá chatalóg: Irish Playography (na drámaí nua Éireannacha ar fad i mBéarla a léiríodh ó bunaíodh Amharclann Náisiúnta na hÉireann i 1904) agus Playography na Gaeilge (na drámaí nua ar fad i nGaeilge a léiríodh ó 1901).

Ní hamháin go ndéanann PLAYOGRAPHYIreland sainmhíniú ar stór na ndrámaí Éireannacha den chéad uair riamh, ach tá sé i gceist an stór sin a athbheochan trí roinnt scripteanna caillte a chur ar fáil arís agus modh a sholáthar chun scripteanna atá ar fáil cheana féin a aimsiú agus na cearta a dheimhniú. Mar go dtugann PLAYOGRAPHYIreland deis do scríbhneoirí leaganacha in-íoslódáilte dá gcuid drámaí a chur sa bhunachar sonraí, feidhmeoidh sé freisin mar chartlann scripteanna ar líne.

PLAYOGRAPHYIreland

Seoladh an chatalóg Irish Playography i dtrí chéim: Céim I (1975-2003), tar éis dhá bhliain de dhiantaighde a dhéanamh air; ansin Céim II (1950-2005) agus ar deireadh, Céim III (1904-1949) i mí Iúil 2006.

Déantar nuashonrú ar an mbunachar sonraí seo go rialta.

Seoladh Playography na Gaeilge i gcéimeanna freisin; Seoladh Céim 1 (1975 go dtí an lá atá inniu ann) in Aibreán na bliana 2010, agus seoladh Céim 2 (1901 go 1974) i mí Bealtaine na bliana 2011. Tá catalóg iomlán Playography na Gaeilge curtha i gcrích agus áiríodh na drámaí Gaeilge ar fad a léiríodh ó 1901 i leith in Éirinn, Thuaidh agus Theas.

Déantar nuashonrú ar an mbunachar sonraí seo go rialta.

Tá liosta iomlán de fhoireann PLAYOGRAPHYIreland agus de dhaoine a bhí rannpháirteach ann le fáil ar leathanach na gCreidiúintí.

Tá PLAYOGRAPHYIreland á sholáthar agus á chur i bhfeidhm ag Institiúid Téatair na hÉireann (Theatre Shop, mar a thugtaí air). Tá Institiúid Téatair na hÉireann ann le cur le deiseanna cruthaíochta agus le hacmhainní d’ealaíontóirí gníomhaíochta agus léiritheoirí i gcomhthéacs uile-Éireannach agus idirnáisiúnta. Déanann Institiúid Téatair na hÉireann forbairt ar théatar na hÉireann, drámaí, drámadóirí agus ealaíontóirí téatair go ginearálta trí sheirbhísí faisnéise Gréasáin a sholáthar, trí fhoilseacháin, agus trí líonraí idirnáisiúnta a chothú agus a fhorbairt. Tuilleadh eolais ar fáil ag www.irishtheatreinstitute.ie

Tá Institiúid Téatair na hÉireann maoinithe ag An gComhairle Ealaíon, agus faigheann siad maoiniú ar bhonn tionscadail ó Culture Ireland agus ó Fhoras na Gaeilge. Tá PLAYOGRAPHYIreland curtha i gcrích de bharr tacaíochta ón gComhairle Ealaíon agus ó Fhoras na Gaeilge.

PLAYOGRAPHYIreland – Paraiméadair Thaighde

Is catalóg chuimsitheach í Irish Playography ina bhfuil gach dráma nua i mBéarla (leaganacha nua, aistriúcháin agus athchóirithe san áireamh) a léirigh compántais phroifisiúnta, ionaid, féilte, léiritheoirí tráchtála agus léiritheoirí aon-uaire in Éirinn ó 1904 go dtí an lá atá inniu ann. Tá san áireamh freisin drámaí a léiríodh ag féilte téatar ar an imeall (neamhfhóirdheonaithe) agus léirithe leathphroifisiúnta a mheastar a bheith suntasach ó thaobh stór drámaí na hÉireann de. Tá saothar drámadóirí suntasacha a céadléiriodh thar lear san áireamh chomh maith.

Ar chúiseanna éagsúla cinneadh nach bhféadfaí na léirithe seo a leanas a áireamh; saothar le compántais amaitéaracha, amharclannaíocht phobail, glóir-réimeanna, léamha, drámaí leath-stáitsithe, geamaireachtaí, drámaí coimisiúnaithe agus drámaí foilsithe nár stáitsíodh, reiviúnna, cabaret, reacaireacht, sceitsí, ealaín taibhiúcháin, seónna aonair grinn agus drámaí puipéad.

Playography na Gaeilge

Is catalóg chuimsitheach í Playography na Gaeilge ina bhfuil gach dráma nua i nGaeilge (leaganacha nua, aistriúcháin agus athchóirithe san áireamh) a léirigh compántais phroifisiúnta, ionaid, féilte léiritheoirí tráchtála agus léiritheoirí aon-uaire in Éirinn ó 1901 go dtí an lá atá inniu ann. Tá san áireamh freisin na drámaí sin a léirigh compántais amaitéaracha agus leathphroifisiúnta a mheastar a bheith suntasach ó thaobh stór drámaí na hÉireann de. Tá geamaireachtaí áirithe san áireamh freisin.

Ar chúiseanna éagsúla cinneadh nach bhféadfaí na léirithe seo a leanas a áireamh; amharclannaíocht phobail, glóir-réimeanna, léamha, drámaí leath-stáitsithe, drámaí coimisiúnaithe agus drámaí foilsithe nár stáitsíodh, reiviúnna, cabaret, reacaireacht, sceitsí, ealaín taibhiúcháin, seónna aonair grinn agus drámaí puipéad.

Glacadh na cinntí i leith na bparaiméadar taighde i gcomhairle le Painéal Comhairleach Playography.

NuashonruitheDéanfar an suíomh a nuashonrú ar bhonn rialta, de réir mar a léirítear drámaí nua Éireannacha sa bhaile agus thar lear.

Bearnaí Eolais

Fáiltímid roimh eolas ó úsáideoirí chun na bearnaí eolais atá ann a líonadh. Is féidir an t-eolas a chur chugainn trí ríomhphost a sheoladh chuig admin@irishtheatreinstitute.ie. Tá fonn orainn, ach go háirithe, eolas a fháil ó dhrámadóirí nó ó dhaoine eile gur leo na cearta ar na drámaí sin nár éirigh linn na cearta a aimsiú go fóill.

Ag Cuardach de réir Ábhair

Tá an t-eolas i PLAYOGRAPHYIreland curtha i láthair ar bhonn chomh neodrach agus chomh hoibiachtúil agus is féidir. Ionas gur féidir cuardach a dhéanamh de réir ábhair, mar sin féin, tá dhá rogha shainiúla tugtha sa leathanach cuardach casta: is éard atá sa chéad ceann cuardach saor a chuardaíonn an teideal, an fotheideal, an suíomh agus an achoimre chun focail nó frásaí áirithe a aimsiú; agus sa dara ceann tá liosta anuas d’fhocail is de théamaí a cheangail foireann Playography le drámaí faoi leith. Tabhair faoi ndeara go bhfuil na hinnill chuardaigh seo teoranta san úsáid gur féidir a bhaint astu ach go bhfuil tairbhe áirithe ag baint leo mar sin féin. Is cóir bheith aireach go dtagann suibiachtúlacht áirithe i gceist leo áfach.

Iarratais ar Eolas Breise

Tá an t-eolas ar fad atá bailithe ag Institiúid Téatair na hÉireann foilsithe ar an suíomh PLAYOGRAPHYIreland. Is féidir leis an eagraíocht freastal ar iarratais áirithe ar eolas breise ach tá seans nach mbeifear in ann déileáil le chuile ceann.

Earráidí agus Easnaimh

Cé go bhfuil gach iarracht déanta ag Institiúid Téatair na hÉireann an t-eolas don suíomh seo a bheith cruinn agus iomlán, ní ghlacann sí freagracht agus séanann anseo aon dliteanas do pháirtí ar bith de bharr caillteanas nó damáiste de bharr earráidí nó easnaimh ar www.irishplayography.com; www.irishtheatreinstitute.ie