Drámaí

Printer Friendly

An Ráidhteas Oifigeamhail

Forbhreathnú

  • Drámadóir

    Séamus de Bhilmot 

  • Suíomh

    Dráma suite i dteach solais in aimsir an chogaidh.

  • Achoimre

    Dráma frithchogaidh é seo atá suite le linn An Dara Cogadh Domhanda. Tá triúr ar dualgas i dteach solais, An Coimeádaí (a bhfuil mac leis ina mhairnéalach), Oifigeach Raidió agus Captaen ón gcabhlach. Tagann ordú ar an raidió ó Aireach an Chabhlaigh an solas a mhúchadh mar is ábhar treoraithe d'eitleáin bhuamála an namhad é. Tá na heitleáin ag díriú ar mhonarcha airm atá taobh le sráidbhaile ina bhfuil cónaí ar chlann an chaptaein. Múchann an captaen an solas agus bristear long ina gcailltear mac an Choimeádaí.

  • Cinéal Dráma

    Drámaí Ginearálta

    Líon na Míreanna

    Aon-ghníomh

  • Méid na Fóirne ( Fireann)

    3

Céad Léiriú

Foireann An Chéad Léirithe  
An Captaen Gearóid Ó Lochlainn
Oifigeach Raidió Ciarán Ó hAnnracháin
An Coimeádaí Séamus Ó hEaluithe
Foireann Léirithe  
Stiúrthóir Frank Dermody
Stiúrthóir Ceoil Proinnsias Ó Gallchobhair

Scripteanna Foilsithe

  • Teideal

    An Ráidhteas Oifigeamhail

  • Bliain

    1944

  • Foilsithe ag

    Oifig an tSoláthair

  • Seoladh

    An Rannóg Post-Tráchta, 51 Faiche Stiabhna
    Baile Átha Cliath 2
    Republic of Ireland

  • Guthán

    01 6476000 / 1890 213434

  • Ríomhphost

    info@opw.ie

Eolas Faoi Chearta

  • Gan Aimsiú

Foinse Eolais

Fuarthas an t-eolas seo ó ghearrthóga nuachta agus ó Stair Dhrámaíocht na Gaeilge 1900-1970 le P Ó Siadhail.