Drámaí

Printer Friendly

Bairbre Ruadh

Forbhreathnú

  • Drámadóir

    Pádraic Ó Conaire 

  • Suíomh

    Teach feirme cois farraige i gConnachta.

  • Nótaí

    Fuarthas an t-eolas faoin bhfoireann ón leabhar 'An Béaslaíoch' le Ó Siadhail.

  • Achoimre

    Nuair a chailltear athair clainne, is é Máirtín a mhac atá fágtha i mbun an tí agus na feirme. Tugann sé aire dá dheirfiúracha Cáit agus Bairbre agus oibríonn sé go dian chun na fiacha a d'fhág a athair ina dhiaidh a ghlanadh. Tagann An Brúnach Mór chuige ag iarraidh cleamhnas a dhéanamh agus socraíonn Mairtín go bpósfadh sé Bairbre. Nuair a chloiseann Bairbre gur mar sin atá, éalaíonn sí le Cuimín. Tagann racht feirge ar Mháirtín agus iompaíonn sé ar an ól, agus an baol ann go scriosfaidh sé gach a bhfuil tugtha chun críche aige leis na blianta.

  • Cinéal Dráma

    Drámaí Ginearálta

    Líon na Míreanna

    Aon-ghníomh

  • Méid na Fóirne ( Fireann)

    3

  • Méid na Fóirne (Baineann)

    2

Céad Léiriú

  • Dáta an Chéad Léirithe

    May 1913

  • Leiriú

    Produced by Na Cluicheoirí

  • Ionad an Chéad Léirithe

    Abbey Theatre/Amharclann na Mainistreach

  • Nótaí Faoin gCéadléiriú Éireannach

    Is cosúil gur stáitsíodh an dráma seo i Londain (cf.D Ó Súilleabháin 'Scéal an Oireachtais 1897-1924' BÁC 1984)sular léiríodh in Éirinn é. Ba ag an Oireachtas sa Rotunda, mí Lúnasa 1908 a rinneadh an chéad léiriú in Éirinn.

Foireann An Chéad Léirithe  
Ball den Fhoireann Celia Salkeld
Ball den Fhoireann Máire Ní Shíothcháin
Ball den Fhoireann Seaghan Mac Caoilte
Ball den Fhoireann Tomás Mac Domhnaill

Scripteanna Foilsithe

  • Teideal

    Bairbre Rua agus Drámaí Eile

  • Bliain

    1989

  • Foilsithe ag

    Cló Iar-Chonnachta

  • Seoladh

    Cló Iar-Chonnachta
    Indreabhán, Conamara
    Co na Gaillimhe
    Republic of Ireland

  • Guthán

    353 91 593 307

  • Suíomh Idirlín

    www.cic.ie

  • ISBN

    ISBN 1 900693 75 5

Eolas Faoi Chearta

Foinse Eolais

Fuarthas an t-eolas seo ó Stair Dhrámaíocht na Gaeilge 1900-1970 le P Ó Siadhail agus ón leabhar 'Bairbre Rua agus Drámaí Eile' le Ó Siadhail.