Drámaí

Printer Friendly

Cúirt an Mheán Oíche

FORBHREATHNÚ

  • Drámadóir

    Siobhán McKenna 

  • Athchóirithe/ Aistrithe ó

    Brian Merriman (1) 

  • Nótaí Faoin Údar

    Athchóiriú ar dhán Bhrian Merriman.

  • Suíomh

    Co. an Chláir san 18ú haois déag.

  • Nótaí

    Níl an clár ar fáil agus mar sin tá roinnt bearnaí san eolas faoi fhoireann an dráma.

  • Achoimre

    Dráma bunaithe ar dhán cáiliúil Bhrian Merriman ón 18ú haois i dtaobh file a thiteann ina chodladh agus a mbíonn aisling aige. Tugtar go dtí Cnoc Mhánmhaí é mar a bhfuil cúirt á stiúradh ag Aoibheall, Banríon na Sí. Labhraíonn bean óg le maithe na cúirte i dtaobh a cuid trioblóide - nach bhfuil fir óga na tíre ag pósadh agus go bhfuil sí gan chéile dá bharr. Cuireann na fir a gcás ós comhair na cúirte freisin. Ar deireadh tugann Aoibheall a breithiúnas ar na fadhbanna a bhí pléite sa chúirt. Tairngríonn sí go mbeadh cead ag na sagairt pósadh go luath agus ceadaíonn sí géarleanúint ar fhir nach bhfuil sásta pósadh. Is é an file an chéad duine a thoghtar le sciúrsáil a dhéanamh air ach, go hámharach, dúisíonn sé óna thaibhreamh ag an bpointe sin.

  • Cinéal Dráma

    Athchóiriú/Aistriúchán

    Líon na Míreanna

    Dráma Fada

  • Méid na Fóirne ( Fireann)

    5

  • Méid na Fóirne (Baineann)

    5

  • Eolas Faoin bhFoireann

    10

CÉAD LÉIRIÚ

  • Dáta an Chéad Léirithe

    13 Deireadh Fómhair 1984

  • Nótaí faoin Léiriú

    Ar stáitse na Péacóige a léiríodh an dráma seo.

  • Leiriú

    Léirithe ag Amharclann na Mainistreach

  • Ionad an Chéad Léirithe

    Abbey Theatre/Amharclann na Mainistreach

  • Nótaí Faoin gCéadléiriú Éireannach

    Seo é an chéad leagan stáitse i nGaeilge de Chúirt an Mheán Oíche.

Foireann An Chéad Léirithe  
Spéirbhean Úna Bríd Ní Neachtain
Áine Bairbre Ní Chaoimh
Baitsiléir Peadar Lamb
Sagart Maeliosa Stafford
Máire Máire Ní Ghráinne
Baitsiléir Micheál Ó Briain
An Seanduine Suarach Dónall Farmer
File Macdara Ó Fátharta
Foireann Léirithe  
Stiúrthóir Siobhán McKenna
Cumadóir & Seinnteoir Ceoil Donal Lunny

EOLAS FAOI CHEARTA

Níl aon eolas ar fáil. Scrúdaigh taighdeoirí ITÉ an iontráil dráma seo go cúramach agus ní bhfuarthas aon eolas eile ina thaobh. Má tá eolas eile agat ar an iontráil seo, ar mhiste leat é a chur chugainn?

FOINSE EOLAIS

Fuarthas an t-eolas seo ó ghearrthóga nuachta.