DAOINE

SEÁN Ó COISDEALBHA (1)

1930 2006

Rugadh in Indreabhán, Co. na Gaillimhe é agus Johnny Chóil Mhaidhc an t-ainm a thugtaí air go hiondúil. Bhain sé bonn óir na Taibhdheirce de bharr an phríomhpháirt a ghlac sé sa dráma An Dochtúir Bréige le Fionán Ó Loingsigh. Scríobh sé go leor drámaí agus do ghlac sé an phríomhpháirt i gcuid mhaith dá dhrámaí féin. Bhain píosaí ar nós Pionta Amháin Uisce, An Tincéara Buí (1962) agus Ortha na Seirce (1968) duaiseanna Oireachtais. Téamaí traidisúnta agus seifteanna béaloidis is minicí ina chuid drámaí.