DAOINE

SÉAMUS Ó HAODHA (1)

1886 1967

I gcathair Chorcaí a rugadh é. Bhí sé ina mhúinteoir agus ina chigire ranga. Tá an-chuid drámaí scríofa aige ar nós 'An Clochar', 'Donnchadh Rua' agus 'Luch Tuaithe', dráma don aos óg. Foilsíodh trí chnuasach filíochta leis agus cúpla leabhar léirmheastóireachta.