DIARMUID Ó SÚILLEABHÁIN (2)
1932
- 1985
Rugadh Diarmuid Ó Súilleabháin i mBéara in Iarthar Chorcaí agus d’oibrigh sé ina mhúinteoir i Loch Garman. Tá idir úrscéalta, drámaí, ailt agus saothar staire scríofa aige. Stáitsigh An Club Drámaíochta sa Damer na drámaí Gaeilge a scríobh sé, mar atá Bior (1965) agus Macalla (1966). Rinne an Lantern Theatre Club léiriú ar a dhráma Lens (1966).