Baile | Eolas | Déan Teagmháil Linn

An Chomhairle Ealaíon Playography In English

Compántais

Compántas Chorcaí

Forbhreathnú

  • Cur Síos

    Compántas Chorcaí (1953—). Ba iad Dónall Ó Donnabháin (Dan Donovan) is Seán Ó Tuama ba mhó a bhí páirteach i mbunú Chompántas Chorcaí. An chéad léiriú oifigiúil a bhí aige ná an t-aistriúchán, An Sgáth agus an Amhmhaoin le Mícheál d’Andún (Shadow and Substance le Paul Vincent Carroll) a cuireadh ar siúl sa Mhainistir Thuaidh i gCorcaigh, 18 Nollaig 1953. Ach ba iad bundrámaí Gaeilge Sheáin Uí Thuama a thabhaigh clú agus cáil do Chompántas Chorcaí ina dhiaidh sin. Ar feadh na mblianta, ba chuma nó eite Ghaeilge den Everyman Theatre agus den Everyman Playhouse (Everyman Palace Theatre anois) é Compántas Chorcaí. Ach ó dheireadh na 1970í i leith, is faoi choimirce an Chomhlachais Náisiúnta Drámaíochta, an scátheagraíocht le haghaidh ghluaiseacht dhrámaíocht na Gaeilge, is mó a chuireann Compántas Chorcaí a chuid drámaí ar siúl.