Baile | Eolas | Déan Teagmháil Linn

An Chomhairle Ealaíon Playography In English

Compántais

Deilt

Forbhreathnú

  • Cur Síos

    Compántas gairmiúil amharclainne agus teilifíse Gaeilge a bhí i Deilt, a bhunaigh Ray Yeates i 1983. Bhí scríbhneoirí mar Nuala Ní Dhomhnaill, Antoine Ó Flatharta, Gabriel Rosenstock, John Mc Ardle agus Seán McCarthy ag obair leis an gcompántas. Ón tús bhí sé mar aidhm ag Deilt tacaíocht a thabhairt do mhúinteoirí Gaeilge trí theanga bheo a léiriú lasmuigh den seomra ranga. Ó 1987 ar aghaidh thosaigh Deilt ag forbairt i dtreo lucht féachana fásta a chothú, agus drámaí an chompántais a chur ar fáil don phobal agus tairbhe a bhaint as áiseanna teilifíse, fístéipeanna agus scannáin. D’éirigh thar barr leis an gcéad dráma do dhaoine fásta – Daoine ar an Dart- a cuireadh i láthair do thaistealaithe DART na cathrach mar chuid d’Fhéile Amharclainne Átha Cliath 1987. Léiríodar Bullaí Mhártain i 1989, i gcomhair leis Na Fánaithe. Tháinig deireadh le léirithe an chompántais go luath sna 1990í.

  • Seoladh

    Baile Átha Cliath

New Irish Plays Produced By

Teideal an Dráma Drámadóir
An Fear Bréige Antoine Ó Flatharta
Bocó agus Bim Liam Ó Muirthile
Aistriúchán ón mBreatnais.
Bullaí Mhártain Seán McCarthy Donncha Ó Céilleachar
Athchóiriú ar an gcnuasach scéalta Bullaí Mhártain le Síle & Donncha Ó Céilleachar.
Cén chaoi a bhfuil tú a' Strainséir? Brendan Ellis Gabriel Rosenstock
Daoine ar an Dart Seán Ó Broin
Jimín Nuala Ní Dhomhnaill Pádraig Ó Siochfhradha
Athchóiriú stáitse é seo ar an scéal 'Jimín Mháire Thaidhg'.
Liam na Leisce agus Teach na Gaoithe Pádraig Ó Siochrú
Peats Aerach agus an Bás Pádraig Ó Siochrú
Scéal Na Gaoithe Móire Pádraig Ó Siochrú
Sean-Eoin Pádraig Ó Siochrú
Bunaithe ar an scéal 'Old John'